Independent Media Centre Ireland     http://www.indymedia.ie

Agóid i gCoinne Aersheó na Gaillimhe

category galway | anti-war / imperialism | press release author Monday July 07, 2003 00:30author by Pádraig Ó Baoill - G'way Allianceauthor email draoirua at eircom dot net

D'eagraigh Comhghuaillíocht na Gaillimhe i gcoinne an Chogaidh agóid in éadan taispeántas Aeir Bhóthar an Trá Dé Domhnaigh 6 Iúil. Bhí muintir na háite Bhóthar an Trá agus ón Chladach páirteach san agóid.

Ba é an príomhghearán a bhí ag an lucht agóide ná go raibh eitleáin cogaíochta mar chuid den tseó.

"Déanann a leithéid beag den fhoréigeán agus rud glórmhar den chogaíocht" arsa urlabhra den ghrúpa agóide, "Is beag meas atá ag an lucht eagraithe ar shaolta daoine nuair a fógraítear an ocáid mar lá siamsaíochta do theaghlaigh. Ní taispeántas gan locht é seo, ach seó uafásach a dhéanann rudaí glórmhara iontacha de chuid de na gléasanna troda is measa riamh cruthaithe ag duine. -- Bhí na heitleáin A-10's sa taispeántas agus bhí cuid acu seo ag scaoileadh buamaí uráinium ídithe san Iaráic le déanaí. Lena chois sin, leag Tornados buamaí crobhaingeacha sa tír céanna ar na mallaibh."

Ba é an fáth a raibh daoine amuigh i mbun agóide ná le daoine a chur ar an eolas ar cad go díreach a raibh páirteach sa tseó. Bhí na heitleáin seo armtha le linn an taispeántais agus bhí muintir na háite buartha nach raibh ceadúnas faighte ag an lucht eagraithe, rud atá riachtanach de réir an dlí. "Ní amháin nach raibh meas ag lucht eagraithe an tseó ar mhuintir na háite ach ba lú a meas ar mhuintir na hIaráice atá ina gcónaí i nGaillimh." arsa duine áitiúil.



Indymedia Ireland is a media collective. We are independent volunteer citizen journalists producing and distributing the authentic voices of the people. Indymedia Ireland is an open news project where anyone can post their own news, comment, videos or photos about Ireland or related matters.