As Béarla
Odáise Phoblachtánach Sóisialach: Roddy Connolly
Léacht Poiblí
Bhí ról lárnach ag Roddy Connolly (mac le James Connolly/Séamas Ó Conghaile) i saol poiblí na hÉireann ó bhí sé ina dhéagóir go dtí go bhfuair sé bás i 1980. Tá a shaol pholaitiúil mar bhunús na léachta atá eagraithe ag an Chumann Staire na nOibrí, i nGaillimh. Beidh an léacht ar siúl in Óstán an Imperial, Faiche Mór, Gaillimh, Máirt 21 Meitheamh ag 8.00 i.n. Is é an Dr. Charlie McGuire a bhéas i mbun na léachta ar an oíche. Tá taighde ollmhór déanta ag an Dr. McGuire ar Roddy Connolly agus is cinnte go raibh saol fíor-spéisiúil aige. Beidh iniúchadh ar leith a dhéanamh ag an léachtóir ar a bheatha mar chaomhnóir oidhreacht Uí Chonghaile:
Bhí Roddy taobh lena athair in Ardoifig an Phoist i 1916 cé nach raibh sé ach cúig bhliana déag d'aois. Bhí sé mar dhuine de bhunaitheoirí Pháirtí Chumunnach na hÉireann roinnt blianta ina dhiaidh agus ar aon taobh le poblachtánaithe ar nós Liam Ó Maoilíosa a bhí i gcoinne an Chonartha. Sna tríocháidí, bhí sé páirteach sa Chomhdháil Poblachtánach a rinne iarracht sóisialaithe agus poblachtánaithe a aontú. Níos déanaí, Teachta Dála de chuid an Lucht Oibre a bhí ann agus é mar Chathaoirleach ar Pháirtí an Lucht Oibre i ndeireadh a shaoil.
Comments (1 of 1)
Jump To Comment: 1Aon seans go gcuirfeá an léacht suas anseo, nó nasc dó, dúinne nach raibh ar ár gcumas dul ann?
Indymedia Ireland is a media collective. We are independent volunteer citizen journalists producing and distributing the authentic voices of the people. Indymedia Ireland is an open news project where anyone can post their own news, comment, videos or photos about Ireland or related matters.