Independent Media Centre Ireland     http://www.indymedia.ie

Comhdháil Óige & Bunú Na Gaeil Óga, Gaillimh

category national | rights, freedoms and repression | press release author Tuesday January 17, 2006 11:23author by Seán Ó hAdhmaill - Na Gaeil Ógaauthor email nagaeiloga at gmail dot comauthor phone 0857395580

Irish language Youth Conference & Founding Galway Na Gaeil Óga

“Ní neart go cur le chéile” is é téama na Comhdhála Óige atá á heagrú ag Na Gaeil Óga, Dé Luain seo chugainn i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath. Is iad Siún Nic Gearailt, Daithí Mac Cárthaigh, Rossa Ó Snódaigh (Kíla) agus Pádraig Ó Ceithearnaigh cuid de na haíonna a dhéanfaidh cainteanna ar an ábhar “An Óige agus an Ghaeilge”.

Cruinniú bunaithe Na Gaeil Óga sa Ghaillimh
Beidh cruinniú poiblí Na Gaeil Óga ar siúl in Áras na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar Dé hAoine, 20 Eanáir ag a 7i.n.


“Ní neart go cur le chéile” or Strength in Coming Together is the theme of the Youth Conference organised by Na Gaeil Óga, for next Monday in Trinity College in Dublin. The conference will be chaired by PopTV’s, Sorcha Ní Thomáin and will feature guest speakers such as, Siún Nic Gearailt, Rossa Ó Snódaigh (Kíla), Daithí Mac Cárthaigh, and Pádraig Ó Ceithearnaigh on the theme of “Young People and the Irish Language”.

PREAS RÁITEAS

English version below

Le foilsiú láithreach 16 Eanáir, 2006

Chéad Chomhdháil Óige Na Gaeil Óga
“Ní neart go cur le chéile” is é téama na Comhdhála Óige atá á heagrú ag Na Gaeil Óga, Dé Luain seo chugainn i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath. Is iad Siún Nic Gearailt, Daithí Mac Cárthaigh, Rossa Ó Snódaigh (Kíla) agus Pádraig Ó Ceithearnaigh cuid de na haíonna a dhéanfaidh cainteanna ar an ábhar “An Óige agus an Ghaeilge”.

Tá sé mar aidhm ag an gcomhdháil seo daoine óga a spreagadh leis an nGaeilge tríd a gcearta i leith na teanga, ról na Gaeilge sa chóras oideachais, agus tábhacht na n-inimirceach i gcur chun cinn na teanga a chur in iúl dóibh. Beidh óg-eagraíochtaí, cumainn ghaelacha, baill Na Gaeil Óga, daoine óga agus pobal na Gaeilge i gcoitinne ag freastal air.

Dar le Ciarán Mac Fhearghusa, Cathaoirleach Na Gaeil Óga, go bhfuil “an Ghaeilge ag éirí níos gnéasúla, spéisiúla agus spraoiúla toisc an borradh atá ag teacht ar shaol sóisialta phobal na Gaeilge. Is gá tógáil air seo tríd daoine óga a chur ar an eolas mar gheall ar a gcearta teanga agus ar an óg-ghluaiseacht Ghaeilge, chun todhchaí na teanga a shlánú i measc an chéid ghlúine eile.”

Tá Na Gaeil Óga ina óg-eagraíocht neamhspleách go polaitiúil, a fheidhmíonn chun nasc gníomhaíochta agus sóisialta a chruthú idir grúpaí óige atá sa spéis acu sa Ghaeilge.

Beidh an Chomhdháil Óige seo á reáchtáil sa Swift Lecture Theatre ar Dé Luain, 23 Eanáir ag a 7.30i.n. Is féidir teacht ar a thuilleadh eolais ó 085 739 5580 nó ó nagaeiloga@gmail.com.


Cruinniú bunaithe Na Gaeil Óga sa Ghaillimh
Beidh cruinniú poiblí Na Gaeil Óga ar siúl in Áras na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar Dé hAoine, 20 Eanáir ag a 7i.n., chun craobh na Gaillimhe a bhunú. Má tá spéis agat páirt a ghlacadh sna Gaeil Óga sa Ghaillimh, nó in aon áit sa tír, ní gá ach dul i dteagmháil leis Na Gaeil Óga ag 085 739 5580 nó ag nagaeiloga@gmail.com.


CRÍOCH

Félim Borland
Oifigeach Caidrimh Poiblí
Na Gaeil Óga

Breis eolais:
Seán Ó hAdhmaill
Urlabhraí
Na Gaeil Óga
0857395580
nagaeiloga@gmail.com




PRESS RELEASE

For Immediate Release: 16 January, 2006

Na Gaeil Óga: Youth Conference
“Ní neart go cur le chéile” or Strength in Coming Together is the theme of the Youth Conference organised by Na Gaeil Óga, for next Monday in Trinity College in Dublin. The conference will be chaired by PopTV’s, Sorcha Ní Thomáin and will feature guest speakers such as, Siún Nic Gearailt, Rossa Ó Snódaigh (Kíla), Daithí Mac Cárthaigh, and Pádraig Ó Ceithearnaigh on the theme of “Young People and the Irish Language”.

The aim of the conference is to inspire young people to use Irish by informing them of their rights with regard to the Irish Language, the role of the Irish language in the Irish education systems, and the importance of promoting the language amongst the growing immigrant communities in Ireland. Youth organisations, Irish language student societies, Na Gaeil Óga members, young people and members of the Irish language community will be attending the Conference.

Ciarán Mac Fhearghusa, Na Gaeil Óga Chairperson, says that “Irish is increasingly becoming sexier, more interesting and more enjoyable mainly as a result of the current boom in the social calendar of the Irish language community. We must build from this by making young people aware of their rights in relation to Irish and aware of an ever-growing and vibrant Irish language youth movement if we are to secure the future of the language for the next generations.”

Na Gaeil Óga is an politically independent youth movement, that aims to develop social and activism based links between youth organisations and individuals interested in Irish.

The youth conference will be held in the Swift Lecture Theatre on Monday, 23 January at 7.30pm. For more information contact +353 85 739 5580 or at nagaeiloga@gmail.com.


Na Gaeil Óga Galway Founding Meeting
A public meeting aimed at forming a branch of Na Gaeil Óga in Galway will take place in room 116 Áras na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Galway at 7pm on Friday, 20 January. If you are interested in becoming involved in Na Gaeil Óga in Galway, or anywhere in the country, please don’t hesitate to contact Na Gaeil Óga at +353 85 739 5580 or alternatively via email at nagaeiloga@gmail.com.


ENDS
Félim Borland
Public Relations Officer
Na Gaeil Óga

For more information:
Seán Ó hAdhmaill
Spokesperson
Na Gaeil Óga
0857395580
nagaeiloga@gmail.com

Comments (4 of 4)

Jump To Comment: 1 2 3 4
author by Duinepublication date Wed Jan 18, 2006 17:35author address author phone

Go n-éirí libh, a ghníomhaithe!

author by Duinepublication date Mon Jan 23, 2006 17:24author address author phone

Cad a shocraigh sibh agus ar dhúirt Joe P. morán?

author by Níleaspublication date Tue Jan 24, 2006 23:44author address author phone

An seasann Joe P fá choinne Joe Pasquale?

Ag freagair do cheiste, níor chuala mé Joe ag an gComhdháil, go bhfios dom ar aon nós.

Agus no, níor cuireadh an cheist ar Chiarán an muppet (not a mop and not quite a puppet) é ag an gcomhdháil.

author by Duinepublication date Wed Jan 25, 2006 12:11author address author phone

A Nílis,
Greann, dár ndóigh a bhí thuas, ach bhí mé ag súl le tuaurisc ar an gcruinniú!



Indymedia Ireland is a media collective. We are independent volunteer citizen journalists producing and distributing the authentic voices of the people. Indymedia Ireland is an open news project where anyone can post their own news, comment, videos or photos about Ireland or related matters.