Independent Media Centre Ireland     http://www.indymedia.ie

Fáiltíonn Na Gaeil Óga roimh athruithe ar an Ordú Oideachais

category national | rights, freedoms and repression | press release author Thursday June 15, 2006 00:17author by Ciarán Ó Brolcháin - Gaeil Óga Bhéal Feirsteauthor email nagaeilogabf at gmail dot comauthor address 27-43 Sráid na Sceiche, Béal Feirste, BT12

D’fháiltigh Na Gaeil Óga i mBéal Feirste roimh an scéal gur chuir Rialtas na Breataine ‘an t-Ordú Oideachais (Tuaisceart Éireann)’ os comhair a bparlaiminte agus na hathruithe a d’éiligh an t-óg-eagras san áireamh sa dréacht.

14/06/2006

FÁILTÍONN NA GAEIL ÓGA ROIMH ATHRUITHE AR AN ORDÚ OIDEACHAIS

D’fháiltigh Na Gaeil Óga i mBéal Feirste roimh an scéal gur chuir Rialtas na Breataine ‘an t-Ordú Oideachais (Tuaisceart Éireann)’ os comhair a bparlaiminte agus na hathruithe a d’éiligh an t-óg-eagras san áireamh sa dréacht.

De réir an chéad dréachta bheadh ar mhic léinn ag EochairChéim 4 teanga Eorpach amháin, ar theanga oifigiúil an Aontais Eorpaigh í, a roghnú agus bhí an Ghaeilge fágtha ar leataobh.

Arsa Ciarán Ó Brolcháin, rúnaí na nGael Óg sa chathair, “Tá muid an-sásta gur dheimhnigh Rialtas na Breataine na leasuithe a chur leis an dréacht. Bhí bagairt ann go mbeadh an Ghaeilge in áit na leathphingne i gcomparáid le teangacha nua-aimseartha eile na hEorpa agus daltaí a dhéanamh a roghanna d‘EochairChéim 4. Anois gur teanga oifigiúil de chuid an AE í an Ghaeilge, bhí orainn a bheith cinnte go gcosnófaí ár gcearta.

“Ba mhaith linn ár míle buíochas a ghabháil le gach aon duine a thug tacaíocht dúinn agus muid ag dul do fheachtas chun na leasuithe a bhaint amach, le gach duine a shínigh an achainí s‘againn agus na heagraíochta Gaeilge agus pobail a thacaigh linn. Tá bua bainte amach againn inniu, ach caithfidh muid leanstan ar aghaidh le cinntiú go bhfuil an stádas cóir tugtha dár dteanga dúchais sa leagan deiridh.”

CRÍOCHNAÍONN



Indymedia Ireland is a media collective. We are independent volunteer citizen journalists producing and distributing the authentic voices of the people. Indymedia Ireland is an open news project where anyone can post their own news, comment, videos or photos about Ireland or related matters.